1. Nuair a bhí siad ag teacht i ngar do Chasairín, baile atá ar aghaidh Nínivé amach,
2. dúirt Rafael: “Is eol duit an bhail a bhí ar d'athair nuair a d'fhágamar é.
3. Brostaímis linn ar aghaidh roimh do bhean chéile chun an teach a ullmhú fad a bheidh an chuid eile den chuideachta ag teacht inár ndiaidh.”
4. Ghluais an bheirt acu ar aghaidh, mar sin, le chéile agus dúirt Rafael le Tóibias: “Beir leat domlas an éisc.” Agus bhí an gadhar ag rith lena sála.
5. Idir an dá linn bhí Anna ina suí agus í ag faire an bhóthair a ghabhfadh a mac abhaile.
6. Chonaic sí uaithi é ag teacht agus dúirt sí leis an athair: “Seo chugainn do mhac agus a chomhthaistealaí.”
7. Dúirt Rafael le Tóibias sular tháinig sé fad lena athair: “Tá a fhios agam go n‑osclófar a shúile.
8. Smear a shúile le domlas an éisc; crapfaidh an t‑ungadh seo an screamh bhán agus tosóidh sí ag scamhadh dá shúile. Tiocfaidh a radharc do d'athair arís agus feicfidh sé an solas.”
9. Ansin rith Anna chun tosaigh agus chaith sí í féin ar bhráid a mic agus dúirt sí leis: “Ní miste liom bás a fháil anois, a mhic, mar táim tar éis tú a fheiceáil arís.” Agus rinne sí gol.
10. D'éirigh Tóibít ina sheasamh ansin agus tháinig sé doras an chlóis amach agus é ag tarraingt na gcos ina dhiaidh.
11. Shiúil Tóibias suas chuige agus domlas an éisc ina láimh aige. Shéid sé isteach ina shúile; rug greim air agus dúirt: “Múscail do mhisneach, a athair!”
12. Ansin chuir sé an t‑ungadh air agus chuimil sé isteach é agus ag tosú dó ag cúinní a shúl bhain sé an screamh bhán díobh lena dhá láimh.
13. Chaith a athair é féin ar a bhráid