Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Tóibít 10:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Idir an dá linn bhíodh Tóibít ag áireamh na laethanta a bhainfeadh sé as Tóibias chun imeacht agus teacht ar ais ina gceann agus ina gceann. Ach nuair a bhí na laethanta sin thart agus gan a mhac tagtha fós,

2. dúirt sé: “B'fhéidir gur cuireadh moill air nó go bhfuair Gabael bás agus nach bhfuil aon duine ann chun an t‑airgead a thabhairt dó.”

3. Mar sin féin tháinig buaireamh air.

4. Dúirt Anna, a bhean chéile, ansin: “Tá mo leanbh muirneach caillte; níl sé ar marthain níos mó.” Agus thosaigh sí ag caoineadh agus ag olagón mar gheall air agus dúirt sí:

5. “Ochón, a mhic mhuirnigh, a ghile mo chroí! Cén fáth ar lig mé duit imeacht uaim?”

6. Deireadh Tóibít léi, áfach: “Éist, a bhean chóir; ná bíodh aon imní ort; tá sé slán sábháilte; ní foláir nó tá siad gafa ag gnó éigin ann; ina theanntasan is iontaofa an fear a chuaigh in éineacht leis; duine dár muintir féin is ea é; ná bíodh aon bhuaireamh ort ina thaobh, a bhean chóir; beidh sé i láthair anseo gan mhoill.”

7. “Bí i do thost,” a deireadh sise leis. “Ná bí ag iarraidh dallamullóg a chur orm. Tá mo leanbh muirneach caillte.” Agus théadh sí amach gach lá chun an bóthar a bhí gafa ag a mac a fhaire agus ní thugadh sí cluas d'aon duine. Le fuineadh na gréine théadh sí isteach arís agus chaitheadh sí an oíche go léir ag caoineadh agus ag olagón sa chaoi nach gcodlaíodh sí néal.Nuair a bhí deireadh le ceithre lá dhéag na bainise a gheall Raguéil dá iníon faoi mhionn, chuaigh Tóibias chuige agus dúirt sé leis, “Lig dom imeacht mar is eol dom go gceapann m'athair agus mo mháthair nach bhfeicfidh siad mé go deo. Impím ort anois, a athair, ligean dom imeacht chun go rachaidh mé abhaile go dtí m'athair féin. D'inis mé duit cheana féin cén bhail a bhí air nuair a d'fhág mé é.”

8. Ach dúirt Raguéil leis: “Fan go fóill, a mhic; fan anseo i mo chuideachta agus cuirfidh mé teachtairí go dtí d'athair chun a insint dó conas atá tú.”

9. “Ná déan,” arsa Tóibias leis, “ach lig dom féin dul abhaile go dtí m'athair.”

Léigh chaibidil críochnaithe Tóibít 10