Ach laistigh de dhaichead lá dhúnmharaigh beirt dá chlann mhac Sanaichéiríb agus theith siad go dtí sléibhte Ararat. Tháinig a mhac Asaradon i gcoróin ina áit. Cheap seisean Aichícheár, mac mo dhearthár Anael, i gceannas ar chúrsaí airgeadais uile na ríochta agus bhí an riarachán go léir faoina smacht freisin.