Chuaigh duine éigin de mhuintir Nínivé, áfach, go dtí an rí agus d'inis sé dó gur mise a bhí á n‑adhlacadh; mar sin de chuaigh mé i bhfolach. Ach nuair a fuair mé amach gurbh eol don rí cad a bhí déanta agam agus go rabhthas ar tí mo mharaithe tháinig eagla orm agus theith mé liom.