16. Bíodh daoine córa ag suí chun boird leat,agus bíodh eagla an Tiarna agat mar ábhar mórtais.
17. Molfar obair de bharr chumas lámh na gceardaithe,ach is ina bhriathra a thaispeántar gaois cheannasaí an phobail.
18. Tá eagla roimh an duine béalscaoilteach ina bhaile féin,agus beidh an ghráin ar an té atá gan srian ar a theanga.