Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 9:14-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. Tabhair buille faoi thuairim i dtaobh do chomharsana, mar is fearr is féidir duit,agus téigh i gcomhairle le lucht na heagna.

15. Bíodh do chomhrá le daoine tuisceanacha,agus bíodh do phlé faoi dhlí an Té is Airde.

16. Bíodh daoine córa ag suí chun boird leat,agus bíodh eagla an Tiarna agat mar ábhar mórtais.

17. Molfar obair de bharr chumas lámh na gceardaithe,ach is ina bhriathra a thaispeántar gaois cheannasaí an phobail.

18. Tá eagla roimh an duine béalscaoilteach ina bhaile féin,agus beidh an ghráin ar an té atá gan srian ar a theanga.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 9