Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 9:11-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Ná maígh a ghlóir ar an bpeacachmar ní eol duit cén chríoch a bheidh air.

12. Ná bain aoibhneas as an ní is gean leis na héagráifigh;cuimhnigh nach rachaidh siad chun na huaighe gan chiontacht.

13. Fan siar ón té a bhfuil cumhacht ar bhás is ar bheatha aige,agus ní chuirfidh eagla an bháis aon imní ort;má théann tú ina ghaire, ná cuir cos amú,le heagla go gcaillfeá d'anam leis;bíodh a fhios agat go bhfuil tú ag siúl i measc na ngaistí,agus ag faoileáil ar fhorbhallaí na cathrach.

14. Tabhair buille faoi thuairim i dtaobh do chomharsana, mar is fearr is féidir duit,agus téigh i gcomhairle le lucht na heagna.

15. Bíodh do chomhrá le daoine tuisceanacha,agus bíodh do phlé faoi dhlí an Té is Airde.

16. Bíodh daoine córa ag suí chun boird leat,agus bíodh eagla an Tiarna agat mar ábhar mórtais.

17. Molfar obair de bharr chumas lámh na gceardaithe,ach is ina bhriathra a thaispeántar gaois cheannasaí an phobail.

18. Tá eagla roimh an duine béalscaoilteach ina bhaile féin,agus beidh an ghráin ar an té atá gan srian ar a theanga.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 9