Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 9:1-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ná bíodh éad ort le do chéile cumainn,agus ná múin droch-cheacht di a ghoillfeadh ort féin.

2. Ná taobhaigh thú féin le bean,le go mbuailfeadh sí cos ar do neart.

3. Ná taithigh meirdreach,le heagla go dtitfeá ina líon.

4. Ná bíodh caidreamh agat ar amhránaí mná,le heagla go rachfá i ngreim ina gaistí.

5. Ná stán ar mhaighdean,le heagla go mbainfí tuisle asat agus go mbeifeá páirteach ina cuid pionós.

6. Ná lig do chroí le striapacha,le heagla go gcaillfeá d'oidhreacht.

7. Ná bí ag gliúcaíl timpeall i sráideanna cathrach,ná ag maingeáil ina póirsí tréigthe.

8. Claon do shúil ó bhean sciamhach,agus ná stán ar mhaise nach leat;chuir maise mhná a lán ar seachrán,agus déanann sí mian a adhaint mar thine.

9. Ná suigh chun boird le bean duine eile,agus seachain carús fíona ina cuibhreann,le heagla go meallfaí do chroí léiagus go sciobfaí chun díthe thú le teann dúthrachta.

10. Ná tréig seanchara,mar níl dul ag an gcara nua air;cara nua nó fíon nua -nuair a rachaidh sé in aois, ólfaidh tú é le fonn.

11. Ná maígh a ghlóir ar an bpeacachmar ní eol duit cén chríoch a bheidh air.

12. Ná bain aoibhneas as an ní is gean leis na héagráifigh;cuimhnigh nach rachaidh siad chun na huaighe gan chiontacht.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 9