Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 51:5-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Ó chraos domhain Sheól,ó theanga neamhghlan agus ó bhriathra éithigh,

6. Béadán a rinne teanga éagórach i m'aghaidh leis an rí;bhí mé i ndeireadh na feide,agus ag druidim liom síos go Seól,

7. Agus bhíothas ag teacht thart timpeall orm ar gach taobh,gan aon duine ann chun fóirithint orm;d'fhéach mé le cabhair a fháil ó dhaoine, ach ní bhfuair.

8. Ansin chuimhnigh mé ar do thrócaire, a Thiarna,agus ar na héachtaí a rinne tú riamh anall,ar an gcaoi a bhfuasclaíonn tú na daoinea bhíonn ag fanacht leat go foighneach,agus mar a tharrthaíonn tú iad ó chrúcaí a naimhde.

9. Chuir mé suas mo ghuí ón talamhagus ghuigh mé go bhfuasclófaí mé ón mbás.

10. Glaoigh mé chun an Tiarna, Athair mo thiarna:“Ná tréig mé i laethanta mo thrioblóide,in uain mo lagaíochta agus mé gan chabhair in aghaidh na n‑uaibhreach;molfaidh mé d'ainm gan stad,agus canfaidh mé laoithe molta dó.”

11. Éisteadh le mo ghuíagus d'fhuascail tú mé ón scrios,agus shaor tú mé ar uain na míchinniúna.

12. Ar an ábhar sin tabharfaidh mé buíochas agus moladh duit,agus mórfaidh mé ainm an Tiarna.

13. Nuair a bhí mé óg fós, sula ndeachaigh mé ag taisteal,d'i arr mé d'achainí i mo phaidreacha go dtabharfaí an eagna dhom.

14. Bhíodh sí á héileamh agam os comhair an Teampaill,agus beidh mé á lorg go dtí an deireadh.

15. Óna blathú go dtí aibiú na fíniúnabhain mo chroí aoibhneas aisti;chuir mé mo chos ar an mbóthar díreach,agus tá a lorg á leanúint agam ó m'óige amach.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 51