Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 51:17-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Tá dul chun cinn déanta agam léi;moladh leis an té thug an eagna dom.

18. Tá sé ar intinn agam mo shaol a chaitheamh dá réir;chuardaigh mé an mhaith go dúthrachtach,agus ní náireofar mé.

19. Tá comhrac déanta agam le hí a shealbhú;chomhlíon mé [an dlí] go cruinn beacht;shín mé mo lámha i dtreo na bhflaitheas,agus chaoin mé m'easpa eolais uirthi.

20. Leag mé m'intinn uirthi,agus fuair mé í le glaine chroí;fuair mé [tuiscint] ina teannta ó thús,agus dá bhrí sin ní thréigfear mé choíche.

21. Corraíodh an croí ionam le dul ar a tóir,agus dá bharr san fuair mé dea-fháltas.

22. Thug an Tiarna teanga dom mar luach saothair,agus molfaidh mé é lena cabhair.

23. Tagaigí i mo chóngar sibhse atá gan teagasc,agus cuirigí fúibh i mo scoilse.

24. Cad ab áil libh ag gearángo bhfuil na nithe seo go mór de dhíth oraibh,agus go bhfuil tart chomh mór ar bhur n‑anam?

25. D'oscail mé mo bhéal agus dúirt mé:“Faighigí [na nithe sin] daoibh féin gan airgead;

26. Cuirigí bhur muineál faoin gcuing,agus glacadh bhur n‑anam le teagasc;tá sé le fáil taobh libh.

27. Féachaigí féin gur beag an saothar a rinne mé,ach gur mór an suaimhneas a fuair mé!

28. Faighigí teagasc daoibh féin le lab mór airgid,agus déanfaidh sibh a lán óir a ghnóthú tríd.

29. Déanadh bhur n‑anam gairdeas i dtrócaire [an Tiarna],agus ná bíodh náire oraibh choíche toisc é a mholadh.

30. Déanaigí bhur ngnó roimh am na sprice,agus tabharfaidh sé bhur luach saothair daoibh ina uain féin.”Eagna Íosa, mac Shíorach.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 51