Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 51:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Gabhfaidh mé buíochas leat, a Thiarna agus a Rí,agus molfaidh mé thú a Dhia, mo shlánaitheoir;gabhaim buíochas le d'ainm;

2. Óir is tusa a thug cosaint agus cabhair dom;tharrthaigh tú mé ó mo bhascadh,ó ghaiste theanga an bhéadáinó bheola lucht an éithigh;agus tháinig tú i gcabhair orm,in aghaidh na ndaoine a bhí i mo thimpeall.

3. De réir do mhórthrócaire agus do mhórainm,d'fhuascail tú mé ó fhiacla na ndaoine a bhí ar tí mé a alpadh,ó lámha na droinge a bhí ar thóir m'anma,ó na trioblóidí iomadúla a bhí mé a fhulaingt;

4. Ón tine phlúchtach a bhí thart timpeall orm,ó cheartlár lasracha nár adhain mé féin,

5. Ó chraos domhain Sheól,ó theanga neamhghlan agus ó bhriathra éithigh,

6. Béadán a rinne teanga éagórach i m'aghaidh leis an rí;bhí mé i ndeireadh na feide,agus ag druidim liom síos go Seól,

7. Agus bhíothas ag teacht thart timpeall orm ar gach taobh,gan aon duine ann chun fóirithint orm;d'fhéach mé le cabhair a fháil ó dhaoine, ach ní bhfuair.

8. Ansin chuimhnigh mé ar do thrócaire, a Thiarna,agus ar na héachtaí a rinne tú riamh anall,ar an gcaoi a bhfuasclaíonn tú na daoinea bhíonn ag fanacht leat go foighneach,agus mar a tharrthaíonn tú iad ó chrúcaí a naimhde.

9. Chuir mé suas mo ghuí ón talamhagus ghuigh mé go bhfuasclófaí mé ón mbás.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 51