1. Gabhfaidh mé buíochas leat, a Thiarna agus a Rí,agus molfaidh mé thú a Dhia, mo shlánaitheoir;gabhaim buíochas le d'ainm;
2. Óir is tusa a thug cosaint agus cabhair dom;tharrthaigh tú mé ó mo bhascadh,ó ghaiste theanga an bhéadáinó bheola lucht an éithigh;agus tháinig tú i gcabhair orm,in aghaidh na ndaoine a bhí i mo thimpeall.
3. De réir do mhórthrócaire agus do mhórainm,d'fhuascail tú mé ó fhiacla na ndaoine a bhí ar tí mé a alpadh,ó lámha na droinge a bhí ar thóir m'anma,ó na trioblóidí iomadúla a bhí mé a fhulaingt;
4. Ón tine phlúchtach a bhí thart timpeall orm,ó cheartlár lasracha nár adhain mé féin,
5. Ó chraos domhain Sheól,ó theanga neamhghlan agus ó bhriathra éithigh,
6. Béadán a rinne teanga éagórach i m'aghaidh leis an rí;bhí mé i ndeireadh na feide,agus ag druidim liom síos go Seól,
7. Agus bhíothas ag teacht thart timpeall orm ar gach taobh,gan aon duine ann chun fóirithint orm;d'fhéach mé le cabhair a fháil ó dhaoine, ach ní bhfuair.