Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 46:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Gaiscíoch i gcath ab ea Iósua mac Nún,agus ba é comharba Mhaois é i bhfáidheoireacht;rinneadh de, mar ba dhual dó óna ainm,slánaitheoir mór ar an bpobal tofale díoltas a imirt ar na naimhde a d'éirigh ina choinne,d'fhonn go gcuirfeadh sé Iosrael i seilbh a oidhreachta.

2. Nár ghlórmhar é ag ardú a lámh,agus ag síneadh a chlaímh in aghaidh na gcathracha!

3. Cé a sheas chomh daingean leis riamh roimhe sin?óir rinne sé cogaí an Tiarna a fhearadh.

4. Nár choimeád a lámh an ghrian ar gcúl?nach ndearnadh amhail dhá lá den aon lá amháin?

5. Ghlaoigh sé ar an té is Airde, an Tréan,agus na naimhde á thimpeallú ó gach taobh;d'fhreagair an Tiarna Mór é le clagarnach clocha.

6. D'fhear sé cogadh ar an gcine údagus ag Fána [Bhéit Horon] scrios sé an céile comhraic,i dtreo go mbeadh eolas ag na ciníocha ar a ghaisce,agus go mbeadh a fhios acu gur in aghaidh an Tiarna a bhí a gcogadh.

7. Óir leanadh sé an Tréan,agus le linn Mhaois thug sé seirbhís dhúthrachtach,eisean agus Cálaeb mac Iafuna;mar sheas siad an fód in aghaidh an chomhthionóil go léir,agus chosc siad an peaca ar an bpobal,agus chiúnaigh siad a monabhar coiriúil.

8. Caomhnaíodh an bheirt sin amháin,as sé chéad míle a bhí sa siúl,lena dtabhairt isteach ina n‑oidhreacht,i dtír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda.

9. Thug an Tiarna neart do Chálaeb,neart a mhair aige go dtí a sheanaois,i dtreo go ndeachaigh sé faoi na hardáin suasagus go bhfuair a chlann iad mar oidhreacht;

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 46