Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 4:5-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Ná hiompaigh do shúil ón duine atá i ngátar,agus ná tabhair leithscéal d'aon duine mallacht a chur ort;

6. Óir, má chuireann duine mallacht ort le barr seirfin chroí,tabharfaidh a chruthaitheoir cluas dá urnaí.

7. Tuill cion an chomhthionóil,agus crom do cheann go humhal d'fhear an údaráis.

8. Tabhair cluas don bhocht,agus freagair é go síochánta cneasta.

9. Fuascail as láimh an ghéarleantóra an té ar a bhfuil sé ag luí;ná bí suarach ag tabhairt breithiúnais;

10. Bí i d'athair ag na dílleachtaí,agus chomh maith le céile dá máthair;beidh tú mar mhac leis an Té is Airde,agus tabharfaidh sé grá duit thar mar a dhéanfadh do mháthair.

11. Tugann an eagna ardú céime dá clann mhac féin,agus fóireann sí ar an muintir a lorgann í.

12. An té a bhfuil grá aige di, tá grá aige don bheatha;an mhuintir a chuardaíonn í go dícheallach, líonfar le háthas iad.

13. An té a chloíonn léi, tabharfar gradam dó mar oidhreacht,agus cibé áit ina rachaidh sé, cuirfidh an Tiarna an rath air.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 4