Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 4:21-31 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

21. Óir tá náire ann a ghineann an peaca,agus tá náire ann ar glóir agus gnaoi í.

22. Ná déan leathchuma ar dhuine, rud a mbeifeá thíos leis;agus ná bí ag lútáil le haon duine, rud a mhillfeadh thú.

23. Ná diúltaigh labhairt in am an ghátair;[agus ná ceil d'eagna].

24. Óir aithnítear an eagna ón mbriathar,agus an t‑oideachas ó fhocail an bhéil.

25. Ná bréagnaigh an fhírinne,ach bíodh scáth ort toisc d'aineolais.

26. Ná bíodh náire ort do pheacaí a admháil,agus ná bí ag dréim le tuile na habhann.

27. Ná bí ag lútáil le hamadán,agus ná bíodh lé agat le duine cumhachtach.

28. Troid go bás ar son na fírinne,agus fearfaidh Dia cath thar do cheann.

29. Ná bí bagrach briathar,ná spadánta leisciúil beart.

30. Ná bí mar leon sa bhaile,ná i do chnáimhseálaí ar do shearbhóntaí.

31. Ná bíodh do lámh sínte amach ag súil le breith,ach dúnta in am an riartha.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 4