18. Seolfaidh sí ar ais é ar an mbóthar díreach ar deireadh thiar,cuirfidh lúcháir air,agus ligfidh leis a cuid rúin.
19. Ach má théann sé ar seachrán, tréigfidh sí é,agus fágfaidh sí i muinín na cinniúna é.
20. A mhic, bí ag faire na faille, agus seachain an t‑olc,agus ná tabhair náire anama duit féin.
21. Óir tá náire ann a ghineann an peaca,agus tá náire ann ar glóir agus gnaoi í.
22. Ná déan leathchuma ar dhuine, rud a mbeifeá thíos leis;agus ná bí ag lútáil le haon duine, rud a mhillfeadh thú.
23. Ná diúltaigh labhairt in am an ghátair;[agus ná ceil d'eagna].
24. Óir aithnítear an eagna ón mbriathar,agus an t‑oideachas ó fhocail an bhéil.
25. Ná bréagnaigh an fhírinne,ach bíodh scáth ort toisc d'aineolais.
26. Ná bíodh náire ort do pheacaí a admháil,agus ná bí ag dréim le tuile na habhann.