Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 4:17-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Óir, fiú má sheolann sí é feadh conairí cama i dtosach báire,agus go gcuireann sí eagla agus lagmhisneach air,í ag crá a chroí le teagasc -nó go mbíonn iontaoibh aici as -agus á phromhadh lena reachtanna,

18. Seolfaidh sí ar ais é ar an mbóthar díreach ar deireadh thiar,cuirfidh lúcháir air,agus ligfidh leis a cuid rúin.

19. Ach má théann sé ar seachrán, tréigfidh sí é,agus fágfaidh sí i muinín na cinniúna é.

20. A mhic, bí ag faire na faille, agus seachain an t‑olc,agus ná tabhair náire anama duit féin.

21. Óir tá náire ann a ghineann an peaca,agus tá náire ann ar glóir agus gnaoi í.

22. Ná déan leathchuma ar dhuine, rud a mbeifeá thíos leis;agus ná bí ag lútáil le haon duine, rud a mhillfeadh thú.

23. Ná diúltaigh labhairt in am an ghátair;[agus ná ceil d'eagna].

24. Óir aithnítear an eagna ón mbriathar,agus an t‑oideachas ó fhocail an bhéil.

25. Ná bréagnaigh an fhírinne,ach bíodh scáth ort toisc d'aineolais.

26. Ná bíodh náire ort do pheacaí a admháil,agus ná bí ag dréim le tuile na habhann.

27. Ná bí ag lútáil le hamadán,agus ná bíodh lé agat le duine cumhachtach.

28. Troid go bás ar son na fírinne,agus fearfaidh Dia cath thar do cheann.

29. Ná bí bagrach briathar,ná spadánta leisciúil beart.

30. Ná bí mar leon sa bhaile,ná i do chnáimhseálaí ar do shearbhóntaí.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 4