Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 4:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. A mhíc, ná diúltaigh slí bheatha don bhocht,agus ná cuir moill ar shúile na ngátarach.

2. Ná goill ar an ocrach,agus ná cuir fearg ar an té atá ar an ngannchuid.

3. Ná cuir le trioblóidí fhear na feirge,agus brostaigh le do dhéirc don bhacach.

4. Ná diúltaigh an té a dhéanann achainí chugat ó umar na haimléise;agus ná tabhair an t‑eiteachas don bhochtán.

5. Ná hiompaigh do shúil ón duine atá i ngátar,agus ná tabhair leithscéal d'aon duine mallacht a chur ort;

6. Óir, má chuireann duine mallacht ort le barr seirfin chroí,tabharfaidh a chruthaitheoir cluas dá urnaí.

7. Tuill cion an chomhthionóil,agus crom do cheann go humhal d'fhear an údaráis.

8. Tabhair cluas don bhocht,agus freagair é go síochánta cneasta.

9. Fuascail as láimh an ghéarleantóra an té ar a bhfuil sé ag luí;ná bí suarach ag tabhairt breithiúnais;

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 4