Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 4:1-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. A mhíc, ná diúltaigh slí bheatha don bhocht,agus ná cuir moill ar shúile na ngátarach.

2. Ná goill ar an ocrach,agus ná cuir fearg ar an té atá ar an ngannchuid.

3. Ná cuir le trioblóidí fhear na feirge,agus brostaigh le do dhéirc don bhacach.

4. Ná diúltaigh an té a dhéanann achainí chugat ó umar na haimléise;agus ná tabhair an t‑eiteachas don bhochtán.

5. Ná hiompaigh do shúil ón duine atá i ngátar,agus ná tabhair leithscéal d'aon duine mallacht a chur ort;

6. Óir, má chuireann duine mallacht ort le barr seirfin chroí,tabharfaidh a chruthaitheoir cluas dá urnaí.

7. Tuill cion an chomhthionóil,agus crom do cheann go humhal d'fhear an údaráis.

8. Tabhair cluas don bhocht,agus freagair é go síochánta cneasta.

9. Fuascail as láimh an ghéarleantóra an té ar a bhfuil sé ag luí;ná bí suarach ag tabhairt breithiúnais;

10. Bí i d'athair ag na dílleachtaí,agus chomh maith le céile dá máthair;beidh tú mar mhac leis an Té is Airde,agus tabharfaidh sé grá duit thar mar a dhéanfadh do mháthair.

11. Tugann an eagna ardú céime dá clann mhac féin,agus fóireann sí ar an muintir a lorgann í.

12. An té a bhfuil grá aige di, tá grá aige don bheatha;an mhuintir a chuardaíonn í go dícheallach, líonfar le háthas iad.

13. An té a chloíonn léi, tabharfar gradam dó mar oidhreacht,agus cibé áit ina rachaidh sé, cuirfidh an Tiarna an rath air.

14. Na daoine a bhíonn ag seirbhís di, is ar an Aon Naofa a dhéanfaidh siad freastal,agus tá grá ag an Tiarna dóibh siúd a bhfuil grá acu di.

15. An té a bhíonn umhal di, tugann sé breith uaidh [mar is cóir];an té a thugann aird uirthi, mairfidh sé slan ó bhaol.

16. Má chuireann sé é féin faoina coimirce, gheobhaídh sé í mar oidhreacht;agus beidh seilbh ag a shliocht uirthi go deo.

17. Óir, fiú má sheolann sí é feadh conairí cama i dtosach báire,agus go gcuireann sí eagla agus lagmhisneach air,í ag crá a chroí le teagasc -nó go mbíonn iontaoibh aici as -agus á phromhadh lena reachtanna,

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 4