Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 39:2-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Caomhnóidh sé ráitis na bhfear ainmniúilagus déanfaidh sé taighde i ndoimhne na bparabal.

3. Lorgóidh sé ciall dhiamhair seanfhocal,agus beidh sé eolgaiseach ar rúin pharabal.

4. Déanfaidh sé fónamh i measc flathaagus feicfear os comhair lucht ceannais é;déanfaidh sé taisteal sa choigríoch,óir tá promhadh déanta aige ar mhaith agus olc i measc daoine.

5. Cuirfidh sé roimhe mochóirí a dhéanamh leis an Tiarna a rinne é a lorgagus déanfaidh sé achainí i láthair an té is Airde;osclóidh sé a bhéal in urnaí,agus déanfaidh sé guí faoina pheacaí.

6. Más toil leis an Tiarna mór é,líonfar é de spiorad na tuisceana;titfidh briathra na heagnaíochta ina bhfrasa óna bhéal,agus gabhfaidh sé buíochas le Dia san urnaí.

7. Cuirfidh sé dea-threoir ar a intinn agus ar a eolas,agus déanfaidh sé machnamh ar a rúndiamhra folaithe.

8. Léireoidh sé an teagasc a tugadh dó,agus beidh sé mórtasach as dlí chonradh an Tiarna.

9. Molfaidh na sluaite a chumas tuisceana,agus ní ligfear i ndearmad é go deo;ní rachaidh a chuimhne ar ceal,agus mairfidh a ainm ó ghlúin go glúin.

10. Fogróidh ciníocha a eagna,agus comórfaidh an comhthionól a mholtaí.

11. Má mhaireann sé i bhfad, sáróidh a cháil míle;má fhaigheann sé bás, ní beag sin dó.

12. Tá a thuilleadh le rá agam, toradh mo mhachnaimh,agus táim lán suas de, dála na lánré.

13. Éistigí liom a chlann bhúidh, agus tagadh bláth oraibh,mar a thiocfadh ar rós ag fás ar bhruach sileáin.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 39