Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 37:7-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Beidh comhairle le tabhairt ag gach comhairleoir,ach ar mhaithe leo féin a thugann cuid acu é.

8. Bí ar d'fhaire leis an gcomhairleoir,agus faigh amach ar dtús cad tá ar na bioráin aigele heagla go bhfaigheadh sé an buntáiste ort- mar beidh sé ag tochras ar a cheirtlín féin.

9. Agus go ndéarfadh sé: “Tá tú ar an mbóthar ceart,”agus go seasfadh sé i leataobh ansin féachaint cad a éireoidh duit.

10. Ná glac comhairle ón té a thugann súil mhuice ort,agus ceil do ghnó ar lucht d'éada.

11. Ná glac comhairle mná faoina comhshuiríoch,ná comhairle meatacháin faoi chogadh,ná ceannaí faoi mhargadh,ná ceannaitheora faoi dhíol,ná fir dhoichill faoi bhuíochas,ná fir gan trócaire faoi chneastacht,ná fir dhíomhaoin faoi aon obairná fir thuarastail bhliana faoi chlabhsúr,ná daoráin leisciúil faoi bheartas mór,- ná bí ag brath orthusan faoi aon chomhairle.

12. Téigh i gcónaí i muinín fhir fhíréanta,is eol duit a chomhlíonann na haitheanta,a bhfuil a mheon de réir do mheoin féin,agus a dhéanfaidh comhbhrón leat má theipeann ort.

13. Seas le comhairle do chroí féin,óir níl sárú air le dílse duit.

14. Mar is minic gur fearr anam duine a theagascná seachtar fear faire suite go hard ar thúr faire.

15. Agus seachas é sin go léir, iarr ar an té is Airdedo chéimeanna a threorú i mbealach na fírinne.

16. Tús gach saothair an réasún,agus téann comhairle roimh gach beart.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 37