Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 37:4-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Baineann comrádaí áirithe suáilceas as sonas a charad,ach in am a thrioblóide, iompóidh sé ina aghaidh.

5. Cabhraíonn comrádaí áirithe le cara ar son a ghoile,agus nuair a bhagraíonn an cath, tógann sé chuige a sciath.

6. Ná déan dearmad ar chara i do chroí istighagus ná caith as do cheann é nuair a éiríonn tú saibhir.

7. Beidh comhairle le tabhairt ag gach comhairleoir,ach ar mhaithe leo féin a thugann cuid acu é.

8. Bí ar d'fhaire leis an gcomhairleoir,agus faigh amach ar dtús cad tá ar na bioráin aigele heagla go bhfaigheadh sé an buntáiste ort- mar beidh sé ag tochras ar a cheirtlín féin.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 37