Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 37:25-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

25. Déantar saol an duine a ríomh ina laethanta,ach níl áireamh ar laethanta Iarúsailéim.

26. Tuillfidh an t‑eagnaí iontaoibh i measc a phobail,agus mairfidh a ainm go brách.

27. A mhic, déan promhadh ar do ghoile i gcaitheamh do shaoil,agus féach cad a ghoilleann air, agus ná tabhair dó é;

28. Mar ní hé gach aon ní a oireann do gach duine,agus ní thaitníonn gach ní le gach aon duine.

29. Ná bíodh dúil mhallaithe agat in aon sólas,agus ná bí miangasach.

30. Leanann póit breis bia,agus tagann masmas de bharr craois.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 37