Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 37:11-28 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Ná glac comhairle mná faoina comhshuiríoch,ná comhairle meatacháin faoi chogadh,ná ceannaí faoi mhargadh,ná ceannaitheora faoi dhíol,ná fir dhoichill faoi bhuíochas,ná fir gan trócaire faoi chneastacht,ná fir dhíomhaoin faoi aon obairná fir thuarastail bhliana faoi chlabhsúr,ná daoráin leisciúil faoi bheartas mór,- ná bí ag brath orthusan faoi aon chomhairle.

12. Téigh i gcónaí i muinín fhir fhíréanta,is eol duit a chomhlíonann na haitheanta,a bhfuil a mheon de réir do mheoin féin,agus a dhéanfaidh comhbhrón leat má theipeann ort.

13. Seas le comhairle do chroí féin,óir níl sárú air le dílse duit.

14. Mar is minic gur fearr anam duine a theagascná seachtar fear faire suite go hard ar thúr faire.

15. Agus seachas é sin go léir, iarr ar an té is Airdedo chéimeanna a threorú i mbealach na fírinne.

16. Tús gach saothair an réasún,agus téann comhairle roimh gach beart.

17. [Tá fréamhacha] na smaointe go doimhin sa chroíagus sceitheann siad ceithre géaga -

18. An mhaith agus an t‑olc, an bheatha agus an bás,agus is í an teanga is máistreás orthu i gcónaí.

19. D'fhéadfadh fear a bheith ildánach agus mórán a oiliúintach a bheith neamhthairbheach dó féin.

20. D'fhéadfadh fuath a bheith d'fhear na bhfocal cliste;fágfar ar an ngannchúis bia é.

21. Óir níor ghnóthaigh sé gnaoi an Tiarna,mar tá an eagna in easnamh go hiomlán air.

22. D'fhéadfadh duine a bheith eagnaí de réir a thuairime féin,agus fómhar a chríonnachta a bheith iontaofa ar bhreith a bhéil féin.

23. Déanfaidh an fear eagnaí a phobal féin a theagasc,agus beidh fomhar a chríonnachta iontaofa.

24. Líonfar an t‑eagnaí le beannachtaí,agus déarfaidh an mhuintir a fheicfidh é gur méanar dó.

25. Déantar saol an duine a ríomh ina laethanta,ach níl áireamh ar laethanta Iarúsailéim.

26. Tuillfidh an t‑eagnaí iontaoibh i measc a phobail,agus mairfidh a ainm go brách.

27. A mhic, déan promhadh ar do ghoile i gcaitheamh do shaoil,agus féach cad a ghoilleann air, agus ná tabhair dó é;

28. Mar ní hé gach aon ní a oireann do gach duine,agus ní thaitníonn gach ní le gach aon duine.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 37