Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 36:20-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

20. Gineann an croí urchóideach dobrón,ach díolfaidh fear na taithí an comhar leis.

21. Tógfaidh bean aon fhear mar chéileach is fearr iníon ná iníon eile.

22. Cuireann scéimh mná aoibh ar an ngnúis,agus is í is mó a shantaíonn an fear.

23. Má bhíonn blas na cneastachta agus na humhlaíochta ar a teanga,níl leithéid a fir le fáil i measc daoine.

24. An té a fhaigheann bean, faigheann sé togha fáltais,lámh chúnta a dhiongbhála agus crann [taca].

25. An gabháltas gan fál, déanfar slad air;an fear gan chéile, beidh sé ag osnaíl ar seachrán.

26. Cé ag a mbeadh muinín as bithiúnach aclaí,a bheadh ag imeacht ó chathair go cathair?

27. A dháltasan ag an duine gan bhaile,agus a bhuaileann faoi cibé áit ina mbeireann an oíche air.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 36