Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 35:15-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Ná sileann na deora ar ghrua na baintrí,agus í ag glaoch in aghaidh an té faoi deara iad?

16. An té a fhónann le dea-thoil, glacfar leis,agus bainfidh a achainí na néalta féin amach.

17. Gabhann guí an duine uirísil trí na néalta suas,agus ní bhfaighidh sé sólás go mbainfidh sí ceann sprice amach.

18. Ní stopfaidh sé choíche go dtabharfaidh an té is Airde aird air,agus go seasfaidh sé ceart don dream macánta agus go dtabharfaidh sé breithiúnas uaidh.

19. Ní dhéanfaidh an Tiarna aon mhoill,ná ní dhéanfaidh sé foighne ar a son,

20. Nó go mbascfaidh sé leasracha na mí-thrócaireach,agus go ndéanfaidh sé díoltas ar na ciníocha,

21. Nó go scriosfaidh sé sluaite na n‑uaibhreach,agus go mbrisfidh sé ríshlata na n‑éagráifeach,

22. Nó go gcúiteoidh sé cách de réir a ngníomhartha,agus oibreacha na ndaoine de réir mar is dual do mhian a gcroí,

23. Nó go dtabharfaidh sé breith ar chás a mhuintire,agus lúcháir a chur orthu de bharr a thrócaire.

24. Bíonn fáilte roimh thrócaire in am an chruatain,faoi mar a bheadh roimh scamaill fearthainne le linn triomaigh.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 35