Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 32:9-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. I measc na gceannasach, ná hiompair thú féin mar dhuine díobh;agus ná bí ag giofaireacht agus duine eile ag caint.

10. Gabhann an splanc roimh an toirneachagus gabhann gnaoi roimh fhear modhúil.

11. Éirigh chun imeacht in am, agus ná bí ar deireadh;brostaigh abhaile agus ná bí ag déanamh moille.

12. Bain spraoi as ansiúd agus déan mar is mian leat féin,ach ná peacaigh le barr díomas teanga.

13. Beannaigh ar a shon sin uile an té a rinne thú,agus a shásaíonn thú lena nithe fónta.

14. An té arb eagal leis an Tiarna, glacfaidh sé lena smacht;beidh a ghnaoi ar an muintir a bhíonn á thóraíocht le díograis.

15. An té a bhíonn ag tóraíocht an dlí, sásóidh sé é;ach beidh sé ina cheap tuisle ag an bhfimíneach.

16. An mhuintir ar a bhfuil eagla an Tiarna, beidh siad saorbhreathach,agus déanfaidh siad dea-ghníomhartha a spreagadh mar a dhéanfadh lóchrann.

17. Seachnaíonn an peacach an chasaoid,agus bíonn leithscéal aige chun déanamh mar is áil leis.

18. Ní dhéanfaidh an fear stuama neamhaird d'aon tuairim;agus ní bheidh an duine díomasach [aindiagaithe] ag cúbadh chuige le heagla.

19. Ná tabhair léim caorach i nduibheagán,agus ná bíodh mairg tar éis birt ort.

20. Ná tabhair conair phriaclach ort féin,le heagla go mbainfeadh clocha tuisle asat.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 32