Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 32:4-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Má bhíonn siamsa ann, ná bí ag caint gan stad,agus ná bí ag saíocht in antráth.

5. Séala carmhogail ar leaba óir,is ea coirm cheoil ag fleá fíona.

6. Séala smaragaide ar leaba luachmhar óiris ea streancán ceoil le fíon fónta.

7. Labhair a ógánaigh, más gá duit,ach gan thar dhá uair, agus má chuirtear ceist chugat.

8. Labhair go cruinn agus abair mórán i mbeagán focal;bíodh gothaí an eolais ort, ach gan fonn cainte ort.

9. I measc na gceannasach, ná hiompair thú féin mar dhuine díobh;agus ná bí ag giofaireacht agus duine eile ag caint.

10. Gabhann an splanc roimh an toirneachagus gabhann gnaoi roimh fhear modhúil.

11. Éirigh chun imeacht in am, agus ná bí ar deireadh;brostaigh abhaile agus ná bí ag déanamh moille.

12. Bain spraoi as ansiúd agus déan mar is mian leat féin,ach ná peacaigh le barr díomas teanga.

13. Beannaigh ar a shon sin uile an té a rinne thú,agus a shásaíonn thú lena nithe fónta.

14. An té arb eagal leis an Tiarna, glacfaidh sé lena smacht;beidh a ghnaoi ar an muintir a bhíonn á thóraíocht le díograis.

15. An té a bhíonn ag tóraíocht an dlí, sásóidh sé é;ach beidh sé ina cheap tuisle ag an bhfimíneach.

16. An mhuintir ar a bhfuil eagla an Tiarna, beidh siad saorbhreathach,agus déanfaidh siad dea-ghníomhartha a spreagadh mar a dhéanfadh lóchrann.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 32