Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 32:17-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Seachnaíonn an peacach an chasaoid,agus bíonn leithscéal aige chun déanamh mar is áil leis.

18. Ní dhéanfaidh an fear stuama neamhaird d'aon tuairim;agus ní bheidh an duine díomasach [aindiagaithe] ag cúbadh chuige le heagla.

19. Ná tabhair léim caorach i nduibheagán,agus ná bíodh mairg tar éis birt ort.

20. Ná tabhair conair phriaclach ort féin,le heagla go mbainfeadh clocha tuisle asat.

21. Ná bíodh an iomad muiníne agat ar chonair réidh.

22. Bí ag faire amach do do chlann féin.

23. Seachain thú féin i ngach beart,mar is é sin is comhlíonadh na n‑aitheanta ann.

24. An té a chuireann a mhuinín sa dlí, tugann sé aird ar na haitheanta;an té a bfuil iontaoibh aige as an Tiarna, ní bheidh thiar air.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 32