Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 32:1-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. An ndearnadar ceannaire díot? Ná tagadh éirí in airde ort;Iompair thú féin ina measc mar dhuine díobh féin;tabhair aire dóibh, agus ansin bí i do shuí.

2. Nuair a bheidh do chúraimí déanta agat, suighagus bí meidhreach dá mbarr,agus faigh coróin ar son do chumas ceannais.

3. Labhair, a sheanóir, óir oireann sin duit;ach déan amhlaidh le cruinneas caintegan cur isteach ar an gceol.

4. Má bhíonn siamsa ann, ná bí ag caint gan stad,agus ná bí ag saíocht in antráth.

5. Séala carmhogail ar leaba óir,is ea coirm cheoil ag fleá fíona.

6. Séala smaragaide ar leaba luachmhar óiris ea streancán ceoil le fíon fónta.

7. Labhair a ógánaigh, más gá duit,ach gan thar dhá uair, agus má chuirtear ceist chugat.

8. Labhair go cruinn agus abair mórán i mbeagán focal;bíodh gothaí an eolais ort, ach gan fonn cainte ort.

9. I measc na gceannasach, ná hiompair thú féin mar dhuine díobh;agus ná bí ag giofaireacht agus duine eile ag caint.

10. Gabhann an splanc roimh an toirneachagus gabhann gnaoi roimh fhear modhúil.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 32