Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 31:27-31 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

27. Is cuma nó beatha don duine an fíonach é a ól go tomhaiste.Cad is fiú saol gan fíon?cruthaíodh é le lúcháir a chur ar dhaoine.

28. Cuireann fíon áthas ar an gcroí agus lúcháir ar an aigneach é a ól san am ceart agus sa tomhas ceart.

29. Má óltar breis de, nó má oltar é le barr drochmhianaigh nó teaspaigh,beidh crá croí dá chionn.

30. Borrann cuthach an amadáin le teann meisce agus bíonn sé féin thíos leis,mar go mbaineann an meisce óna neart ach go spreagann buillí.

31. Ná bí ag cur ceartú ar do chomharsa ag fleá fíona,agus ná tabhair masla dó agus é go súgach;ná labhair go haithiseach leisagus ná ciap é le hiasacht a éileamh ar ais air.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 31