Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 31:1-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Neamhchodladh an tsaibhris, déanann sé an cholainn a chnaí;agus cuireann an imní a ghabhann leis an codladh ar fán.

2. Cuireann imní an lae as do chodladh na hoíche,agus cuireann breoiteacht throm an teitheadh ar an gcodladh.

3. Bíonn saothar ar an saibhir ag cnuasach a stóir,agus nuair ligeann sé a scíth líonann sé a pheains le sólais.

4. Bíonn saothar ar an daibhir agus a chuid ag leá,agus nuair a ligeann sé a scíth buaileann an ghannchúis é.

5. An té a thugann grá don ór, ní fhíréanófar é,agus an té a théann sa tóir ar an airgead, cuirfidh sé amú é.

6. Is iomaí duine a scriosadh de bharr an óir,cé go raibh an tubaiste os comhair a súl.

7. Is gaiste é dá bhóidíní,agus gabhfar gach amadán ann.

8. Is méanar don duine saibhir a gheofar gan locht,agus nach dtéann sa tóir ar an ór.

9. Cé hé féin? agus déanfaimid gairdeas leis,mar rinne sé nithe iontacha i measc a phobail.

10. Cé a d'fhéad peaca a dhéanamh agus nach ndearna,agus olc a dhéanamh agus nach ndearna?

11. Cuirfear bonn daingean faoina chonách,agus comórfaidh an comhthionól go léir a dhéirc.

12. Ar bhuail tú fút ag bord flaithiúil?ná bíodh craos ort chuige,agus ná habair: “Cad é bia atá air!”

13. Cuimhnigh gurb olc an rud í súil na dúile,ar cruthaíodh aon ní is miangasaí na í?Uime sin tugann sí na deora ar gach grua.

14. Ná sín do lámh chun gach a bhfeicfidh tú,agus ná bí ag trasnaíl [ar do chomharsa] chun na méise.

15. Tabhair do bhreith ar do chomharsa de réir do cháis féin,agus bí tuisceanach i ngach cúram.

16. Ith a gcuirtear romhat mar a dhéanfadh duine [ar a bhfuil tabhairt suas];ná bí ag cogaint go cíocrach d'fhonn nach mbeadh an ghráin ort.

17. Bí ar an gcéad duine a stadfaidh den bhia le barr deabhéas;ná bí doshásta nó tabharfaidh tú masla.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 31