Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 30:11-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Ná tabhair údarás dó ina óige,agus ná caoch súil ar a thuaiplisí.

12. [Crom a mhuineál agus é ina naíonán]agus buail a mhaotháin agus é ógd'fhonn nach n‑éireodh sé ceanndána agus bheitheasumhal duit (agus brón a chur ar do chroí).

13. Cuir smacht ar do mhac agus lean air,d'fhonn nach dtabharfadh a mhínáire aithis duit.

14. Is fearr as an bochtán ina shláinte agus ina neart,ná an duine saibhir atá á chrá ag drochshláinte.

15. Is fearr sláinte agus neart ná ór ar bith,agus colainn dhochaite ná maoin gan áireamh.

16. Is fearr sláinte choirp ná saibhreas ar bith,agus ní sháraíonn aon aoibhneas an croí suairc.

17. Is fearr an bás ná saol dona,agus suaimhneas síoraí ná breoiteacht bhuan.

18. Is cuma nithe maithe a chaitheamh le béal iata,nó ofrálacha bia a fhágáil ar uaigh.

19. Cén tairbhe d'íol ofráil torthaí?níl cumas ite ná bolaithe aige;is mar sin don té ar a luíonn an Tiarna.

20. Faigheann sé lán a shúl, agus bíonn ag cneadaíldála an choillteáin a bhíonn ag cneadaíl agus é ag breith barróige ar mhaighdean.

21. Ná tabhair thú féin suas don bhrónagus ná bí do do chiapadh féin d'aonghnó.

22. Maireann an duine ar aoibhneas croí,agus is fad saoil dó an t‑áthas.

23. Cuir lúcháir ar d'aigne agus tabhair sólás do do chroí;cuir an ruaig i bhfad uait ar an mbrón,mar is iomaí duine a scrios an brón,agus ní aon tairbhe é d'aon duine.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 30