Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 30:1-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. An té a bhfuil grá aige dá mhac, tabharfaidh sé léasadh dó go minic,i dtreo go mbeidh sé ina lúcháir aige nuair a chuirfear i gcrích é.

2. An té a chuireann smacht ar a mhac, beidh a thairbhe aige,agus beidh sé ina ábhar maíte aige i measc a lucht aitheantais.

3. An té a thugann teagasc dá mhac, beidh a naimhde in éad leis,agus beidh sé mórtasach as i measc a chairde.

4. Fág go bhfaigheadh an t‑athair bás is geall le beo fós dó,mar fágann sé a fhinechruth ina dhiaidh.

5. Fad a mhair sé bhí sé de shólás aige radharc a bheith aige air,agus ag fáil bháis dó ní raibh aon mhairg air.

6. Fágann sé fear a imreoidh díoltas ar a naimhde,agus a íocfaidh an comhar lena chairde.

7. An té a dhéanann peata dá mhac, beidh sé ag cur bindealáin lena chréachtaí,agus beidh a chroí go dtí a bhéal le gach liú.

8. An capall nach mbristear, bíonn sé ceanndána,agus an mac gan smacht bíonn sé stuacach.

9. Bí ag peataireacht le do mhac, agus cuirfidh sé scanradh ort;bí ag súgradh leis, agus cuirfidh sé dólás ort.

10. Ná bí ag gáire leis chun nach mbeifeá ag gol leis,agus ar deireadh go mbeadh d'fhiacla ag gioscán.

11. Ná tabhair údarás dó ina óige,agus ná caoch súil ar a thuaiplisí.

12. [Crom a mhuineál agus é ina naíonán]agus buail a mhaotháin agus é ógd'fhonn nach n‑éireodh sé ceanndána agus bheitheasumhal duit (agus brón a chur ar do chroí).

13. Cuir smacht ar do mhac agus lean air,d'fhonn nach dtabharfadh a mhínáire aithis duit.

14. Is fearr as an bochtán ina shláinte agus ina neart,ná an duine saibhir atá á chrá ag drochshláinte.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 30