Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 29:16-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. Is cuma leis an bpeacach faoi chonách a urra;agus an duine míbhuíoch, déanann sé dearmad den té a d'fhuascail é.

17. Is iomaí duine acmhainneach a scriosadh trí dhul i mbannaí;chroith sé iad mar a dhéanfadh tonn farraige.

18. Chuir sé fir chumasacha ar ionnarba,agus d'fhág ar fán iad i measc ciníocha coimhthíocha.

19. An peacach a thit faoi bhannaíagus a bhíonn sa tóir ar an mbreis, beidh sé i ngreim sa dlí.

20. Tar i gcabhair ar do chomharsa de réir do chumais,agus seachain agus ná tit!

21. Tús na beatha uisce, agus bia, agus éadachagus teach mar bhrat ar an náire.

22. Is fearr beatha an bhochtáin faoi dhíon a fhrathacha,ná sócamas bia i dteach duine eile.

23. Bí sásta leis an mbeagán nó leis an mórán,[agus ní bheidh masla le clos agat faoi do chuairt].

24. Is ainnis an saol é a bheith ó theach go teach,agus cibé áit ina mbuailfidh tú fút, ní bheidh focal asat.

25. Is deoraí thú agus [blaisfidh tú searbhas na haithise],agus seachas sin cloisfidh tú focail ghéara:

26. Tar anseo, a strainséir, agus cóirigh an bord,agus má tá aon ní i do láimh, tabhair dom le hithe é.”

27. “Fág an áit, a strainséir, ó dhuine measúil;tháinig mo dheartháir le fanacht faram agus tá gá leis an teach.”

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 29