Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 27:23-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

23. Níl ach mil ar a theanga i do láthair,agus déanann sé iontas de do chuid cainte;ach beidh sé ar mhalairt poirt níos déanaíagus bainfidh sé macalla maslaitheach as do bhriathra féin.

24. Is iomaí rud is fuath liom,ach eisean seach cách;beidh fuath fiú ag an Tiarna dó.

25. An té a chaitheann cloch in airde díreach, is sa mhullach air féin a chaitheann sé í;osclaíonn buille fill créachtaí.

26. An té thochlann clais, titeann sé inti;an té a chuireann gaiste i bhfearas, béarfar air féin ann.

27. Filleann an urchóid ar an té a dhéanann urchóid,agus ní bheidh a fhios aige carb as di.

28. Searbhas agus masla, baineann siad leis an uaibhreach,ach tá díoltas ina luíochán air mar leon.

29. An mhuintir arb lúcháir leo titim na bhfíréan,béarfar orthu sa ghaiste,agus meilfidh pian iad roimh bhás dóibh.

30. Fearg agus fraoch, is duáilcí déistineacha iad sin,agus gheofar iad i seilbh an pheacaigh.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 27