10. Déanann an leon luíochán ar a chreach,agus sa tslí chéanna an peaca ar lucht déanta an oilc.
11. Is críonna i gcónaí í caint an duine chráifigh,ach tá an t‑éaganta chomh guagach leis an ngealach.
12. I measc na ndúr duit, bí ag faire na faille,ach fan bog i measc na dtuisceanach.
13. Is gránna í caint na n‑amadán,agus is ragairneach peacúil é a ngáire.
14. Chuirfeadh caint lucht mionnaí a thabhairt do ghruaig ar bior;agus chuirfeadh a gcuid aighneas ort do mhéara a chur i do chluasa.
15. Doirteadh fola is críoch le hachrann na ndíomasach;chuirfeadh sé masmas ort éisteacht lena gcuid asachán.
16. An té a sceitheann rúin, scriosann sé muinín,agus ní bhfaighidh sé cara ar a mhian go deo.
17. Bíodh cion agat ar do chara, agus bí dílis dó;ach má sceith tú a rúin, ná rith ina dhiaidh arís.
18. Faoi mar a scriosann fear a naimhde,is mar sin a scrios tú cairdeas do chomharsan.
19. Faoi mar a scaoileann tú éan as do láimh uait,is mar sin a scaoil tú le do chomharsa agus ní bhfaighidh tú greim arís air.
20. Ná bac é a leanúint - tá sé rófhada ó bhaile,agus d'éalaigh sé leis mar eilit ó ghaiste.
21. Óir is féidir ceirín a chur le créacht, agus síocháin a theacht tar éis asacháin,ach níl aon ní i ndán do fhear rúin a sceitheadh.
22. An té a sméideann súil, tá urchóid á beartú aige,agus ní féidir d'aon duine í a chosc air