Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 26:1-5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Is méanar don fhear a bhfuil bean chéile mhaith aige;méadófar líon a laethanta faoi dhó.

2. Cuireann bean chéile dhiongbháilte áthas ar a fear,agus caitheann sé a shaol faoi shuaimhneas.

3. Tabhartas breá is ea bean chéile mhaith;bronnfar í mar chuid an té a bhfuil eagla an Tiarna air.

4. Más bocht saibhir é, bíonn a chroí go sona sasta;agus bíonn aoibh an gháire ar a bhéal i gcónaí.

5. Tá trí nithe ann a chuireann scanradh croí orm,agus cuireann an ceathrú ceann scéin orm -cúlghearradh sa chathair, daoscarshlua ag tionól,agus daoradh san éagóir - is measa iadsan go léir ná an bás:

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 26