Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 25:7-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Ritheann naoi smaoineamh liom a chuireann gliondar ar mo chroí,agus tá an deichiú ceann ar bharr mo theanga:fear ar a gcuireann a chlann lúcháir,fear a mhaireann le turnamh a naimhde a fheiceáil;

8. Is aoibhinn don fhear a dhéanann aontíos le bean chiallmhar,agus nach ndearna botún ina chaint,agus nach ndearna seirbhís do dhuine níos táire ná é;

9. Is aoibhinn don té a fuair dea-chiall;agus a dtugann a lucht éiste aird air.

10. Nach éachtach é an té a d'aimsigh an eagna,ach níl sárú ar an té ar a bhfuil eagla an Tiarna.

11. Sáraíonn eagla an Tiarna an uile níagus cé is inchomhórtais leis an té atá ina mháistir uirthi?

12. (Tús a ghrá eagla an Tiarna,agus tús an chreidimh cloí leis.)

13. Aon chréacht ach créacht sa chroíaon choirpeacht ach coirpeacht mhná!

14. Aon ionsaí ach ionsaí lucht fuatha!aon díoltas ach díoltas naimhde!

15. Níl nimh níos measa ná nimh nathrach!ní measa aon fhearg ná fearg namhad.

16. B fhearr liom bheith in aontíos le leon nó le dragan,ná bheith in aointíos le drochbhean.

17. Athraíonn urchóid mná a cló,agus cuireann scamall ar a gnúis dála béir.

18. Caitheann a fear a chuid lena chomharsana,agus bíonn ag osnaíl go goirt [gan focal as].

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 25