Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 25:19-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. Ní mór an ní is fiú aon urchóid go hurchóid mná;go dtite crann an pheacaigh uirthi!

20. Is cuma fear ciúin ag plé le cabaire mnánó cosa an tseanduine ag dréim le dumhach gainimh.

21. Ná cuireadh scéimh mná cluain ort,agus ná bíodh dúil agat i mbean ar son a [maoine].

22. Gabhann drochmhianach agus easumhlaíocht agus aithis leismá chothaíonn bean a céile.

23. Drochmhisneach, gnúis ghruama, agus croí briste,- sin iad na nithe a thugann drochbhean chun críche;lámha gan fhuinneamh agus glúine laga,bean nach gcuireann lúcháir ar a fear is cúis leo.

24. Ó bhean a tháinig tús an pheaca,agus is dá barr a gheobhaidh an uile dhuine bás.

25. Ná lig le huisceagus ná scaoil le teanga drochmhná.

26. Mura ndéanann sí rud ort,scar léi.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 25