Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 24:7-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Lorg mé áit lonnaithe ina measc sin go léir,agus cé hiad a suífinn mo champa ina gcríocha.

8. Ansin thug cruthaitheoir an uile ní ordú dom,agus cheap an té a chruthaigh mé láthair do mo bhoth;dúirt sé: ‘Déan cónaí i Iacób,agus bíodh Iosrael agat mar oidhreacht.’

9. Ón tsíoraíocht roimh thúsú an domhain, chruthaigh sé mé,agus beidh mé ann go brách na breithe.

10. Rinne mé freastal ina láthair sa bhoth naofa,agus ar an gcuma sin daingníodh mé ar Shíón.

11. Mar an gcéanna chuir sé i mo chónaí mé sa chathair is ansa leis,agus is in Iarúsailéim atá mo thiarnas agam.

12. Chuir mé fréamhacha amach i bpobal a bhí faoi ghradam,i sealúchas an Tiarna arb é a oidhreacht é.

13. D'fhás mé suas go hard mar chéadar sa Liobáin,agus mar chufróg ar ardáin Hearmón.

14. D'fhás mé suas go hard mar chrann pailme in Éan Geidí,agus mar mhuine rós in Ireachó,mar ológ mhaisiúil ar mhachaire;agus mar chrann plána d'fhás mé aníos.

15. Thug mé cumhracht uaim mar chainéal agus acaicia,agus spréigh mé musc mar thogha an mhiorr,mar ghalbanam, onux, agus stactae,agus mar chumhracht na túise sa bhoth.

16. Leath mé mo ghéaga mar an teiribint;is géaga glóire agus maise mo ghéaga;

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 24