Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 24:31-34 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

31. Dúirt mé: “Déanfaidh mé m'úllord a uisciú,agus mo luibhghort a lánfhliuchadh.”Agus féach, rinneadh abhainn de mo chanáilagus muir de m'abhainn.

32. Cuirfidh mé teagasc ag taitneamh mar an láchaint,agus spréifidh mé a sholas i bhfad i gcéin.

33. Déanfaidh mé eolas a dhoirteadh amach mar thairngreacht,agus fágfaidh mé é do ghlúine le teacht.

34. Féachaigí nach dom féin amháin a rinne mé saothar,ach ar son cách atá ar thóir na heagna.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 24