Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 24:17-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Dála na fíniúna, d'eascair craobha áille asam,agus tá glóir agus saibhreas mar thoradh ar mo bhláth.

18. (Mise máthair an ghrá álainn, na heagla, an eolais, agus an dóchais bhúidh;tugtar mé dá bhrí sin do mo chlann go léir ón tsíoraíocht, dóibh siúd go léir a ainmníonn sé.)

19. Tagaigí chugam sibhse go léir a bhfuil dúil agaibh ionam,agus ithigí bhur sáith de mo chuid torthaí.

20. Óir is milse ná mil a bheith ag cuimhneamh orm,agus is dea-bhlasta fós ná cíor mheala mé a shealbhú.

21. Beidh dúil i mbreis ag an muintir a itheann méagus tart chun a thuilleadh fós ar an muintir a ólfaidh mé.

22. Ní náireofar an té a éisteann liom,agus a mhuintir a dhéanann rud orm, ní dhéanfaidh siad peaca choíche.”

23. Sé conradh Dé in airde é seo go léir,an dlí a d'ordaigh Maois dúinn,oidhreacht do chomhthionóil Iacóib;

24. (Ná scoir de bheith tréan sa Tiarna;cloígh leis le go neartódh sé thú;sé an Tiarna Uilechumhachtach amháin is Dia;níl slánaitheoir ann ach é.)

25. Sin é a chuireann an eagna thar maoil mar an Piseón,agus mar an Tígris i séasúr na gcéadtorthaí;

26. Sin é a chuireann an chiall thar maoil mar an Eofrataes,agus mar an Iordáin san fhómhar.

27. Sin é a chuireann an teagasc [ina thuile mar an Níl,]agus mar an nGíohón i bhfómhar an fhíona.

28. Mar nach bhfuair an chéad fhear aithne cheart uirthi,agus níor thomhais an té is déanaí go baileach í.

29. Óir is fairsinge ná an fharraige a smaointe,agus is doimhne ná an duibheagán a comhairle.

30. Agus maidir liomsa, ghabh mé mar chanáil ó abhainn,mar gháitéar uisce isteach i ngairdín.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 24