Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 24:12-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Chuir mé fréamhacha amach i bpobal a bhí faoi ghradam,i sealúchas an Tiarna arb é a oidhreacht é.

13. D'fhás mé suas go hard mar chéadar sa Liobáin,agus mar chufróg ar ardáin Hearmón.

14. D'fhás mé suas go hard mar chrann pailme in Éan Geidí,agus mar mhuine rós in Ireachó,mar ológ mhaisiúil ar mhachaire;agus mar chrann plána d'fhás mé aníos.

15. Thug mé cumhracht uaim mar chainéal agus acaicia,agus spréigh mé musc mar thogha an mhiorr,mar ghalbanam, onux, agus stactae,agus mar chumhracht na túise sa bhoth.

16. Leath mé mo ghéaga mar an teiribint;is géaga glóire agus maise mo ghéaga;

17. Dála na fíniúna, d'eascair craobha áille asam,agus tá glóir agus saibhreas mar thoradh ar mo bhláth.

18. (Mise máthair an ghrá álainn, na heagla, an eolais, agus an dóchais bhúidh;tugtar mé dá bhrí sin do mo chlann go léir ón tsíoraíocht, dóibh siúd go léir a ainmníonn sé.)

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 24