8. Titeann an peacach i ngaiste a theanga,agus is ceap tuisle í don aithiseach agus don uaibhreach.
9. Ná téadh do bhéal i dtaithí na mionn,agus na bíodh ainm an Té is Naofa de shíor ar do theanga.
10. An daorán a bhíonn de shíor á fhairení bhíonn sé saor ó riastaí;is é an dála céanna é ag an té a thugann mionna agus a ghlaonn ar an ainm gan stad,ní ghlanfar é ón bpeaca.
11. Líonfar le hurchóid fear tabhartha a lán mionn;ní fhágfaidh an sciúirse a theaghlach;má pheacaíonn sé, fanfaidh a pheaca air;má mhionnaíonn sé gan ábhar, déanfaidh sé peaca faoi dhó;má thugann sé mionn éithigh, ní fhíréanfar é,mar líonfar a theach le hainnise.
12. Tá nós cainte ann ar a bhfuil aibíd an bháis;ná faightear go deo é in oidhreacht Iacóib!fanfaidh an dream diagaithe i bhfad i gcéin uaidhsean,agus ní shiúlfaidh siad go glúine i bpeacaí.
13. Ná tabhair taithí na graostachta agus na gáirsiúlachta do do theanga,mar gabhann caint pheacúil leis an sórt sin.
14. Cuimhnigh ar d'athair agus ar do mháthairnuair a shuíonn tú i measc na bhflatha,le heagla go ndéanfá dearmad os a gcomhair,agus go mbeadh meas amadáin ort de bharr do bhéas;b'fhearr leat ansin nach saolófaí chuige thú,agus chuirfeá mallacht ar lá do bhreithe.