Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 23:18-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. An té a pheacaíonn in aghaidh leaba a phósta,agus a deir leis féin: “Cé tá ag faire orm?tá an dorchadas i mo thimpeall agus tá na fallaí do mo cheilt;ní fheiceann aon duine mé; cén fáth go mbeadh imní orm?ní thabharfaidh an Té is Airde aon aird ar mo pheacaí.”

19. Súile daoine is eagal leis,ní thuigeann sé go bhfuil súile an Tiarnaníos gile faoina deich ná an ghrian;go mbíonn siad ag faire ar bhealaí uile an duineagus gur léir dóibh fiú na póirsí folaigh.

20. Sular ceapadh an chruinne ba eol dó í go léir;agus b'amhlaidh a bhí tar éis í go léir a chumadh.

21. Cuirfear pionós ar an bhfear seo ar shráideanna na cathrach;agus gabhfar é san áit is lú a mbeidh coinne aige leis.

22. Beidh an scéal céanna ag an mbean a thréigfidh a fearagus a mbeidh oidhre aici le fear eile.

23. Sa chéad áit, ní raibh sí umhal do dhlí an Té is Airde;sa dara háit, rinne sí coir in aghaidh a fir chéile;sa tríú háit, rinne sí adhaltranas trína striapachas,agus ghabh sí clann le fear eile.

24. Tabharfar í féin os comhair an chomhthionóil,agus déanfar iniúchadh ar a clann.

25. Ní chuirfidh a clann fréamhacha síos,ná ní bheidh torthaí ar a craobhacha.

26. Fágfaidh sí a cuimhne faoi mhallacht ina diaidh,agus ní scriosfar a haithis chun siúil.

27. An mhuintir a mhairfidh ina diaidh,beidh a fhios acu nach sáraíonn aon ní eagla an Tiarna,agus nach milse aon ní na cloí le haitheanta an Tiarna.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 23