Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 23:15-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. An té a bhfuil taithí aige ar asacháin,ní rachaidh múineadh air lena shaol.

16. Cuireann dhá shórt fir le líon na bpeacaí,agus titeann fraoch na feirge ar an tríú sort;

17. An croí a bhíonn á dhó mar thine loiscneachní mhúchfar é nó go gcaitear ar fad é;an té a dhéanann collaíocht lena ghaol folaní rachaidh aon stad air nó go ndófar gach pioc de;is milis leis an adhaltranach gach bia,agus ní rachaidh aon stad air go bás.

18. An té a pheacaíonn in aghaidh leaba a phósta,agus a deir leis féin: “Cé tá ag faire orm?tá an dorchadas i mo thimpeall agus tá na fallaí do mo cheilt;ní fheiceann aon duine mé; cén fáth go mbeadh imní orm?ní thabharfaidh an Té is Airde aon aird ar mo pheacaí.”

19. Súile daoine is eagal leis,ní thuigeann sé go bhfuil súile an Tiarnaníos gile faoina deich ná an ghrian;go mbíonn siad ag faire ar bhealaí uile an duineagus gur léir dóibh fiú na póirsí folaigh.

20. Sular ceapadh an chruinne ba eol dó í go léir;agus b'amhlaidh a bhí tar éis í go léir a chumadh.

21. Cuirfear pionós ar an bhfear seo ar shráideanna na cathrach;agus gabhfar é san áit is lú a mbeidh coinne aige leis.

22. Beidh an scéal céanna ag an mbean a thréigfidh a fearagus a mbeidh oidhre aici le fear eile.

23. Sa chéad áit, ní raibh sí umhal do dhlí an Té is Airde;sa dara háit, rinne sí coir in aghaidh a fir chéile;sa tríú háit, rinne sí adhaltranas trína striapachas,agus ghabh sí clann le fear eile.

24. Tabharfar í féin os comhair an chomhthionóil,agus déanfar iniúchadh ar a clann.

25. Ní chuirfidh a clann fréamhacha síos,ná ní bheidh torthaí ar a craobhacha.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 23