1. A Thiarna, a athair agus a mháistir mo bheatha,ná fág mé faoina gcomhairle,agus ná lig dom titim dá mbarr.
2. Cé a imreoidh lasca ar mo smaointe,agus a chuirfidh laincis na heagna ar m'aigne?d'fhonn nach ndéanfaí tláithínteacht liom i m'earráidí,agus nach n‑éalódh aon pheaca liom slán;
3. Le heagla go méadófaí ar líon m'earráidíagus go rachadh mo pheacaí i líonmhaire,agus go dtitfinn os comhair mo naimhdeagus go mbeadh áthas ar m'eascara de mo chionn.
4. A Thiarna, a athair, agus a Dhia mo bheatha,ná tabhair dom súile uaibhreacha,
5. agus cuir ainmhian i leataobh uaim;
6. ná faigheadh craos ná drúis an lámh in uachtar orm,agus ná fág mé faoi anam gan náire.
7. Éistigí, a chlann ó, le teagasc faoin teanga;an té a choimeádfaidh é, ní bhéarfar amuigh air choíche.
8. Titeann an peacach i ngaiste a theanga,agus is ceap tuisle í don aithiseach agus don uaibhreach.
9. Ná téadh do bhéal i dtaithí na mionn,agus na bíodh ainm an Té is Naofa de shíor ar do theanga.
10. An daorán a bhíonn de shíor á fhairení bhíonn sé saor ó riastaí;is é an dála céanna é ag an té a thugann mionna agus a ghlaonn ar an ainm gan stad,ní ghlanfar é ón bpeaca.
11. Líonfar le hurchóid fear tabhartha a lán mionn;ní fhágfaidh an sciúirse a theaghlach;má pheacaíonn sé, fanfaidh a pheaca air;má mhionnaíonn sé gan ábhar, déanfaidh sé peaca faoi dhó;má thugann sé mionn éithigh, ní fhíréanfar é,mar líonfar a theach le hainnise.
12. Tá nós cainte ann ar a bhfuil aibíd an bháis;ná faightear go deo é in oidhreacht Iacóib!fanfaidh an dream diagaithe i bhfad i gcéin uaidhsean,agus ní shiúlfaidh siad go glúine i bpeacaí.
13. Ná tabhair taithí na graostachta agus na gáirsiúlachta do do theanga,mar gabhann caint pheacúil leis an sórt sin.
14. Cuimhnigh ar d'athair agus ar do mháthairnuair a shuíonn tú i measc na bhflatha,le heagla go ndéanfá dearmad os a gcomhair,agus go mbeadh meas amadáin ort de bharr do bhéas;b'fhearr leat ansin nach saolófaí chuige thú,agus chuirfeá mallacht ar lá do bhreithe.
15. An té a bhfuil taithí aige ar asacháin,ní rachaidh múineadh air lena shaol.
16. Cuireann dhá shórt fir le líon na bpeacaí,agus titeann fraoch na feirge ar an tríú sort;