5. Tugann iníon easumhal náire dá hathair agus dá fear céile,agus beidh drochmheas acu araon uirthi.
6. Is cuma nó ceol ag tórramh, eachtra a insint go míthráthúil;ach tá ciall gach tráth le pionós agus le smachtú.
7. (Clann a thógtar i saol fónta, ceileann siad dúchas uiríseal a dtuismitheoirí;
8. Clann atá gan urraim, gan mhúineadh, gan chneastacht,tugann siad masla d'uaisleacht a muintire.)
9. Is cuma a bheith ag teagasc daoi nó a bheith ag dlúthú smidiríní pota le chéile,nó ag dúiseacht duine atá i dtromshuan.
10. Is cuma a bheith ag insint scéil do dhaoi nó do chodlatán:nuair a bheidh deireadh ráite déarfaidh sé: “Céard é sin?”
11. Bí ag caoineadh an mhairbh, mar tá an solas de dhíth air;bí ag caoineadh an daoi, mar tá ciall de dhíth air;ná goil chomh goirt ar an marbh, mar tá sé ar a shuaimhneas;Is measa ná bás beatha daoi.
12. Seacht lá a mhaireann caoineadh an mhairbh,ach caointear an daoi agus an coirpeach ar feadh a saoil.
13. Ná cuir focail amú ar an dúragus fan amach ón bhfear gan éirim;seachain é d'fhonn nach mbeadh trioblóid ort,agus go bhfágfadh sé smál ort agus é ag imeacht leis;fair amach dó agus beidh suaimhneas agat,agus ní chuirfidh a bhaois go deo aon suaitheadh ort.
14. Cad is troime na luaidhe,agus cad eile is ainm dó ach Amadán?
15. Gaineamh, salann, nó cnapán iarainn- nach fusa iad a iompar ná duine dúr?