Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 22:10-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Is cuma a bheith ag insint scéil do dhaoi nó do chodlatán:nuair a bheidh deireadh ráite déarfaidh sé: “Céard é sin?”

11. Bí ag caoineadh an mhairbh, mar tá an solas de dhíth air;bí ag caoineadh an daoi, mar tá ciall de dhíth air;ná goil chomh goirt ar an marbh, mar tá sé ar a shuaimhneas;Is measa ná bás beatha daoi.

12. Seacht lá a mhaireann caoineadh an mhairbh,ach caointear an daoi agus an coirpeach ar feadh a saoil.

13. Ná cuir focail amú ar an dúragus fan amach ón bhfear gan éirim;seachain é d'fhonn nach mbeadh trioblóid ort,agus go bhfágfadh sé smál ort agus é ag imeacht leis;fair amach dó agus beidh suaimhneas agat,agus ní chuirfidh a bhaois go deo aon suaitheadh ort.

14. Cad is troime na luaidhe,agus cad eile is ainm dó ach Amadán?

15. Gaineamh, salann, nó cnapán iarainn- nach fusa iad a iompar ná duine dúr?

16. An chearchaill a ghreamaítear i bhfoirgneamh,ní bhogfaidh crith talún é;sé an dála céanna é ag an aigne meáite ar dhea-chomhairle,ní chlisfidh sí in uair na cinniúna.

17. Is cuma croí socair ar chúrsa ciallmharnó plástráil mhaisiúil ar fhalla slíoctha.

18. An fál cuaillí ar an ard,ní sheasóidh sé an fód in aghaidh na gaoithe;sé an dála céanna é ag croí an daoi,scanraíonn a smaointe féin é,agus ní sheasóidh sé an fód in aghaidh na heagla.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 22